|
We are your
Irish heroine ancestors. We go back to the
time of Tuatha De Danann. We came to Ireland
in a cloud of mist to recapture the land
that was taken from us. We were Goddesses
with mystical powers and were outstanding in
beauty and goodness. It is believed that we
were the bravest race ever to descend on
this island. We were also highly intelligent
and skilled in the arts, music, poetry and
sport. The people of Ireland believed that
we were sent from the Heavens.
|
Is muidne
banlaochra bhur sinsear. Bhíomar beo le linn
aimsir Thuatha Dé Danann. Thángamar go
hÉirinn i scamall ceobhráin. Athghabháil na
talún a tógadh uainn an aidhm a bhí againn.
Bandéithe fíorálainne, suáilceacha ab ea
muid agus bhí comhachtaí neamhshaolta againn.
Creidtear go rabhamar ar na ciníocha ba
mhisniúla a leag cos riamh ar thalamh na
hÉireann. Bhíomar an-oilte i gceirdeanna an
cheoil, na filíochta is an spóirt. Chreid
muintir na hÉireann gurbh ósna Flaithis a
thángamar. |